Talamh áitiúil faighte ag Naomh Eoin Bhaile an tSaoir le haghaidh áis oiliúna nua

Tá áthas ar Chumann Naomh Eoin Bhaile an tSaoir a dhearbhú go bhfuil píosa talaimh faighte i gceantar Thigh an Chnoic, mar a comhaontaíodh ag baill an Chumainn ag an gCruinniú Ginearálta Urghnách (CGU) in 2025. Tá an suíomh lonnaithe laistigh de cheantar feidhme Chumann Naomh Eoin Bhaile an tSaoir agus níl sé ach 1.5km ónár gclubtheach. Is garsprioc thábhachtach é seo agus léiríonn sé tiomantas dáiríre ón gCumann d’fhorbairt cluichí Gaelacha inár gceantar. Déanfaidh an talamh seo na srianta spáis atá ann faoi láthair a mhaolú, go háirithe iad siúd a bhíonn roimh ár mbaill óga agus iad ag forbairt a scileanna leis an liathróid nó leis an gcamán.

Gabhann Coiste Feidhmiúcháin an Chumainn buíochas leis an gcuid mhór ball a chuir saineolas gairmiúil ar fáil, a rinne síntiúis agus a thacaigh leis an gCrannchur, le Bingo, le Rásaíocht, le Ceolchoirmeacha agus le himeachtaí eile tiomsaithe airgid chun sinn a thabhairt go dtí an chéim seo. Tuigimid go mbeidh tuilleadh oibre crua ag teastáil ó gach ball fós, lena n-áirítear iarratas pleanála a fhorbairt agus tuilleadh tiomsaithe airgid, chun lánacmhainn na deise seo a bhaint amach.

Is cumann pobail cuimsitheach é Cumann Naomh Eoin Bhaile an tSaoir. Táimid tiomanta do bheith ina gcomharsana maithe tacúla, oscailte i gcónaí do phlé, agus táimid ag tnúth le bualadh tuilleadh le cónaitheoirí cheantar Thigh an Chnoic agus le Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin agus muid ag forbairt ár bpleananna anois agus sna blianta atá romhainn.

Is mise, le meas,

 

Sarah Davis

Rúnaí, Naomh Eoin Baile an tSaoir

By maireadscanlon Sat 24th Jan